Bealach Nua le Deonú Trí Facebook

Tá an ghné fós ina chéim tástála, ach tá bealach nua forbartha ag Facebook le daoine a thabhairt d'eagraíochtaí neamhbhrabúis. Ligfidh Donate, an ghné nuachruthaithe, do dhaoine cur go díreach le neamhbhrabúis trí Facebook.

 

Seans go bhfuil cnaipe síntiús ag d’eagraíocht ar a leathanach Facebook cheana féin, ach cruthaíodh é sin trí aip agus a ritheann trí dhíoltóir seachtrach amhail PayPal nó Network for Good. Níl an cnaipe sin le feiceáil ach amháin má thugann duine cuairt ar Leathanach d’eagraíochta.

 

Beidh an ghné Síntiúis le feiceáil in aice le Poist sa News Feed agus ag barr Leathanach Facebook na n-eagraíochtaí rannpháirteacha. Trí chliceáil ar “Sín Anois” is féidir le daoine méid a roghnú le deonú, a gcuid faisnéise íocaíochta a chur isteach, agus síntiús a thabhairt láithreach don chúis. Beidh an rogha acu freisin post an neamhbhrabúis a roinnt lena gcairde mar aon le teachtaireacht faoin bhfáth ar bhronn siad.

 

Tá an ghné á thástáil agus á forbairt faoi láthair le dornán eagraíochtaí. Is féidir le haon ghrúpa neamhbhrabúis ar spéis leo leas a bhaint as an ngné nua seo ar Facebook an fhoirm Síntiúis úis a líonadh san Ionad Cabhrach Facebook.